Skip to main content

Cuireadh tús le clár sruthlaithe spriocdhírithe i gCathair Chorcaí mar fhreagairt don mhéadú ar chásanna maidir le dídhathú

Tá an fhaisnéis thíos ábhartha go dtí go gcuirfear tuilleadh nuashonruithe ar fáil anseo nó inár rannóg Nuashonruithe maidir le Soláthar agus Seirbhís

Tá clár sruthlaithe spriocdhírithe tosaithe ag Uisce Éireann i gceantair áirithe ar fud Chathair Chorcaí mar fhreagairt do thuairiscí méadaithe ar dhídhathú.

Leanann ár dTascfhórsa tiomnaithe um Dhídhathú Chathair Chorcaí le dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar chásanna maidir le dídhathú agus tá méadú ar leibhéil taispeánta leis an monatóireacht. Cuireadh tú le sampláil bhreise, agus táimid i mbun idirchaidreamh le FSS.

Molann Uisce Éireann i gcónaí gan uisce a bhfuil drochdhath air a ól. Sa chás ina bhfuil drochdhath ar an uisce, má chastar an sconna air le haghaidh roinnt nóiméad - molaimid suas le 20 nóiméad - is minic a thagann dath glan ar an uisce arís. Tá uisce sábháilte le hól nuair a thagann dath glan air. Má leanann an fhadhb ar aghaidh gan réiteach, déan teagmháil linn go díreach. Tá an líne chabhrach do chustaiméirí oscailte 24/7 ar 1800 278 278. Cuidíonn custaiméirí a thuairiscíonn cásanna maidir le dídhathú linn suíomhanna sruthlaithe ar an líonra a dhearbhú.

Cuireadh tús le hoibreacha sruthlaithe spriocdhírithe inniu agus leanfaidh siad ar aghaidh thar an deireadh seachtaine. 

Cuireadh tús leis an sruthlú pleanáilte inniu, Dé hAoine an 30 Lúnasa sna ceantair seo a leanas: 

  • Bóthar Dhúghlais agus an ceantar máguaird
  • Bóthar Dhúghlais Theas an ceantar máguaird
  • Sráid na Blarnan, Bóthar na hArdeaglaise, Garrán na mBrathár agus an ceantar máguaird
  • Gleann na Sceach
  • Páirc Uí Dhúshláine

Leanfar le hoibreacha sruthlaithe ón lá amárach, Dé Sathairn an 31 Lúnasa sna ceantair seo a leanas:

  • Bóthar an Bhóithrín Mheánaigh agus gach eastát sa cheantar máguaird
  • An Cnochán Glas, Bóthar Dhroichead na Bandan
  • Bóthar na Bandan
  • Bailtíní McCurtain
  • Bóthar Ráth Mianais agus na ceantair máguaird go léir

De réir mar a rachaidh na hoibreacha ar aghaidh trí gach ceantar, cuirfear comharthaíocht suas. Moltar do chustaiméirí freisin an leathanach gréasáin soláthair agus seirbhísí a sheiceáil.

Is éard atá i gceist leis an gclár ná codanna beaga den líonra uisce a aonrú agus a shruthlú chun aon charnadh dríodair ó na seanphíopaí iarainn teilgthe a ghlanadh. Tríd an limistéar sruthlaithe a dheighilt ón líonra níos mó ar an mbealach sin, laghdófar an cur isteach agus feabhsófar an bhaint dríodair. Mar thoradh ar na píopaí a ghlanadh, d’fhéadfadh dríodar dul isteach i sconnaí custaiméirí, rud a fhágann go mbeidh níos mó cásanna maidir le dídhathú ann sa ghearrthéarma.

Gabhann Uisce Éireann buíochas le custaiméirí as a bhfoighne agus muid ag leanúint ar aghaidh le hobair a dhéanamh dídhathú a laghdú ar fud Chathair Chorcaí, agus is oth linn aon mhíchaoithiúlacht a d’fheadfadh a bheith mar thoradh air sin. 

Chun tuilleadh eolais agus comhairle a fháil, tabhair cuairt ar ár leathanach cáilíocht an uisce. Tá Uisce Éireann tar éis seirbhís téacs saor in aisce a sheoladh a thugann nuashonruithe fíor-ama maidir le saincheisteanna an tsoláthair áitiúil. Is féidir le custaiméirí clárú lena nÉirchód agus lena n-uimhir ghutháin nó ár leathanach Nuashonruithe Uisce.

Nuashonruithe Seirbhíse Uisce

Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.

Déan teagmháil

Lean muid ar na meáin shóisialta nó cuir glaoch orainn.