Skip to main content

Scéim Séarachais na Ceathrún Rua

Tugann Uisce Éireann cuireadh do bhaill den phobal páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil maidir leis an bhforbairt atá beartaithe d‘ionad cóireála fuíolluisce nua agus an bonneagar lena mbaineann chun freastal ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal riachtanach sin cáilíocht an uisce a fheabhsú, an timpeallacht a chosaint agus tacú le fás inbhuanaithe an phobail áitiúil.

Maireann an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ceithre seachtaine ó Dé Céadaoin, an 3 Meitheamh go dtí Dé Máirt, an 30 Meitheamh.

Mar chuid den chomhairliúchán poiblí, reáchtálfar Imeacht Faisnéise Poiblí i  láthair go pearsanta.

Conas is féidir liom bheith páirteach?

Tá roghanna éagsúla ann chun aiseolas a thabhairt agus do thuairim a chur in iúl:

  • Cuir aiseolas i scríbhinn ar fáil le ríomhphost chuig AnCheathruRuaSS@water.ie
  • Freastail ar an Imeacht Faisnéise Poiblí inar féidir leat bualadh leis an bhfoireann tionscadail agus ceisteanna ar bith a chur atá agat faoin tionscadal atá beartaithe.
Imeacht Faisnéise Poiblí

Dáta: Dé Céadaoin, an 10 Meitheamh 2026  
Am: 4pm – 8pm  
Ionad: An Crumpán, An Cheathrú Rua (H91 X4WH)

Beidh baill den fhoireann tionscadail ar fáil chun eolas a chur ar fáil, ceisteanna a fhreagairt agus aiseolas a bhailiú.

Aighneachtaí ríomhphoist:

AnCheathruRuaSS@water.ie 

Tá do chuid tuairimí tábhachtach agus cuideoidh siad le forbairt an tionscadail ríthábhachtach seo a mhúnlú.

Location
Galway
Status
Planned
Type
Wastewater
An Cheathrú Rua

Cén fáth a bhfuil gá le hIonad Cóireála Fuíolluisce(ICUF) sa Cheathrú Rua?

  • Tá an fuíolluisce uile ón sráidbhaile gan chóireáilfaoi láthair i gCuan Chasla ag Cé an tSrutháin.
  • Tá an Cheathrú Rua ar cheann den bheagánlimistéar in Éirinn ina scaoiltear séarachas amhisteach san fharraige fós.
  • Ní féidir glacadh leis an gcleachtas reatha sinagus ní chomhlíonann sé an reachtaíocht.
  • Cosnóidh ionad cóireála fuíolluisce nua antsláinte phoiblí, an comhshaol áitiúil, agus CuanChasla, atá aicmithe mar dhobharlach cósta‘ardstádais’ faoi Chreat-Treoir Uisce GCC.

Buntáistí an tionscadail atá beartaithe

Icon

Cosaint an Chomhshaoil

Tacú le comhlíonadh cheanglais sceite GCC chomh maith lereachtaíocht AE agus na hÉireann. Cuidiú le Cuan Chasla agus an bheatha phlandúil agus mhuiría chosaint.

Icon

Sláinte Phoiblí

An riosca a bhaineann le neamhchosaint an duine arfhuíolluisce neamhchóireáilte a laghdú.

Icon

Pobal agus Fás

Freastal ar an daonra atá ann faoi láthair agus ar fhás amachanseo sa sráidbhaile. Tacú le daonra atá ag fás, scoileanna, turasóireacht agusriachtanais ghnó.

Scéim Séarachais na Ceathrún Rua - CCanna

Níl aon ionad cóireála fuíolluisce (ICFU) sa Cheathrú Rua faoi láthair, agus scaoiltear an fuíolluisce uile ón gcomhchóras bailithe gan chóireáil go Cuan Chasla tríd an bpíobán sceite atá ann cheana ag Cé an tSrutháin. Éilítear leis an tionscadal seo aghaidh a thabhairt air seo trí ICFU comhlíontach nua a sholáthar chun fuíolluisce a chóireáil sula sceitear é.

Leis sin, cuirfear deireadh le sceitheadh díreach fuíolluisce neamhchóireáilte, feabhsófar cáilíocht an uisce i gCuan Chasla, bainfear amach comhlíonadh cheadúnas sceite fuíolluisce na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), agus tacófar le forbairt inbhuanaithe cheirtleán na Ceathrún Rua.

Táthar ag súil go n-áireofar leis na hoibreacha forbairt dhá láithreán ar leith, ina mbeidh ionad cóireála fuíolluisce nua agus stáisiún caidéalúcháin fuíolluisce nua (SCFU).

Is éard atá i gceist leis an tionscadal ná ionad cóireála fuíolluisce nua a sheachadadh do cheirtleán na Ceathrún Rua, atá deartha le haghaidh ualach deartha 25 bliana de 1,900 PE (coibhéis daonra).

I measc na n-oibreacha gaolmhara beidh tógáil bonneagair phíblíne nua, lena n-áirítear príomhphíobán aníos chun fuíolluisce a chaidéalú ón stáisiún caidéalúcháin go dtí an ICFU, chomh maith le píobán sceite eisiltigh chóireáilte nua go Cuan Chasla.

Tá an infheistíocht fhoriomlán mar chuid de chlár caipitil fuíolluisce náisiúnta Uisce Éireann chun aghaidh a thabhairt ar cheirtleáin neamhchóireáilte agus chun comhlíonadh rialála a bhaint amach.

Cuirfear Scéim Séarachais na Ceathrún Rua ar fáil i roinnt céimeanna sainithe. Tá amlíne an tionscadail faoi réir ceaduithe reachtúla, éadáil talún, maoiniú agus forbairt cláir.

Meastar faoi láthair go gcuirfear iarratas ar chead pleanála isteach in 2028.

Leanfaidh Uisce Éireann de nuashonruithe a chur ar fáil do pháirtithe leasmhara de réir mar a dhéantar dul chun cinn leis an tionscadal.
 

Ag an gcéim seo den tionscadal, níl measúnú mionsonraithe déanta go fóill ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann. Mar sin féin, táthar ag súil le tionchair a bhaineann de ghnáth le tógáil bonneagair nua fuíolluisce, amhail bainistiú tráchta, torann agus gníomhaíocht tógála.

Déanfar measúnú mionsonraithe ar na tionchair sin agus cuirfear in iúl do pháirtithe leasmhara iad a luaithe a dheimhneofar na láithreáin tosaíochta le linn chéimeanna an deartha.
 

Tá measúnacht timpeallachta lárnach don tionscadal agus áirítear léi:

  • Tuarascáil scóipe ar shamhaltú muirí chun bearnaí sonraí, gabhdóirí agus ceanglais samhaltaithe a shainaithint.
  • Athbhreithniú ar bhataiméadracht (suirbhéanna ar dhoimhneacht go grinneall na farraige), leibhéil taoide, sruthanna, hidreolaíocht, meitéareolaíocht agus tacair sonraí cáilíochta uisce.
  • Breithniú ar stádas na Creat-Treorach Uisce, lena n-áirítear gur dobharlach cósta ardstádais é Cuan Chasla.
  • Athbhreithniú ar limistéir íogaire in aice láimhe, lena n-áirítear limistéir ainmnithe faoi chosaint.

Beidh an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil reatha oscailte go dtí Dé Máirt, 30ú Meitheamh 2026. Foilseofar faisnéis faoin tionscadal ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann (www.water.ie/projects) agus beidh an pobal in ann tuairimí a bhaineann leis an tionscadal beartaithe a chur isteach ag an suíomh seo.

Cuirtear seoladh ríomhphoist tiomnaithe tionscadail (AnCheathruRuass@water.ie) ar fáil chun deis a thabhairt do pháirtithe leasmhara ceisteanna a chur isteach.

Nuair a bheidh cead pleanála curtha isteach, beidh na pleananna ar fáil don phobal le breathnú orthu ar thairseach pleanála Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le foireann tionscadail Uisce Éireann ag AnCheathruRuass@water.ie.

Tógadh an líonra fuíolluisce reatha ar an gCeathrú Rua sna 1950idí agus rinneadh uasghrádú air in 2007. Bailítear fuíolluisce ón gCeathrú Rua sa chóras séarachais phoiblí faoi láthair agus scaoiltear isteach sa sruth éalaithe farraige é chuig Cuan Chasla ag Cé an tSrutháin. Ní dhéantar aon chóireáil ar an bhfuíolluisce faoi láthair sula scaoiltear isteach chuig Cuan Chasla é.

D'fhoilsigh Uisce Éireann Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (OCÉ) chun Ionad Cóireála Fuíolluisce a fhorbairt don Cheathrú Rua ag láithreán Ché an tSrutháin i mí Mheán Fómhair 2019. Tar éis don Bhord Pleanála cinneadh a dhéanamh cead pleanála a dheonú le haghaidh forbairt mhalartach ar an láithreán sin, tharraing Uisce Éireann siar a Ordú Ceannaigh Éigeantaigh don láithreán sin i mí an Mhárta 2024.

Tá próiseas nua roghnúcháin láithreáin ar siúl anois chun láithreán oiriúnach a fháil chun cóireáil a chur ar shéarachas ón gCeathrú Rua.

Leanfaimid orainn ag nuashonrú an phobail agus na bpáirtithe leasmhara agus dul chun cinn á dhéanamh againn ar an tionscadal ríthábhachtach seo.

Project Ireland 2040 Gold graphic

View all projects and plans

Visit our Projects section to find out what's happening in your area.