Píopaí reoite nó pléasctha
Faigh amach an chaoi le seiceáil má tá píopa reoite nó pléasctha agat agus an méid atá le déanamh má tá.
Tugtar na leideanna seo mar threoir amháin
Nuair a thiteann an teocht amuigh faoi nialas, d'fhéadfadh píopaí neamhchosanta agus sconnaí atá ag sileadh reo agus scoilteadh. D'fhéadfadh sé seo dul i bhfeidhm ar do sholáthar uisce.
Nuair a ardaíonn an teocht arís, d'fhéadfadh na píopaí scoilte seo tosú ag sceitheadh, rud a dhéanfadh damáiste agus a mbeadh an-chostas leis le deisiú.
Seiceáil do phíopaí reoite
Má tá ceann amháin nó níos mó de do chuid sconnaí nach bhfuil ag obair, déan seiceáil leis na comharsana má tá an fhadhb chéanna acu. Má tá, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an soláthar uisce. Muna bhfuil na fadhbanna céanna acu, d'fhéadfadh píopa reoite a bheith agat.
An méid atá le déanamh má tá píopa reoite agat
Má tá buneolas an pluiméireacht agat, beidh na leideanna seo ina gcabhair chun an píopa reoite a aimsiú agus a leá arís. Muna bhfuil tú cinnte faoin méid atá le déanamh, cuir glaoch ar phluiméir atá cláraithe.
Cuir stop leis an soláthar uisce.
Cuirfidh sé seo srian ar an méid sceithidh mó damáiste má phléascann píopa:
- Aimsigh agus múch an comhla stoptha taobh istigh
- Múch an buacaire i d'umar fuaruisce, a aimsítear de ghnáth san áiléar
Aimsigh an píopa
- Seiceáil an brú uisce san fhearas ar nós sconnaí agus leithris go bhfeicfidh tú má tá sé níos ísle ná mar a bhíonn sé de ghnáth
- Aimsigh an áit a gceapann tú go bhfuil píopa reoite ann
- Seiceáil má tá píopaí infheicthe ann nach bhfuil inslithe, píopaí atá i bhfad níos fuaire ná na cinn eile má leagan tú lámh orthu, a bhfuil séideán gar dóibh nó damáiste orthu
- Múch sconnaí fuara atá i ngar leis an mbrú a scaoileadh ón bpíopa reoite - ná las na sconnaí te RIAMH
Leáigh an píopa
- Muna bhfuil an sconna nó na feistithe scoilte nó briste, is féidir iarracht a dhéanamh a píopa a leá go réidh
- Cosain nó bog rud ar bith a bhféadfaí damáiste a dhéanamh dó má phléascann an píopa agus é leáite
- Bain leas as triomadóir gruaige ar an socrú is ísle chun an píopa a théamh go réidh, ag tosú gar don sconna
Ná déan iarracht RIAMH píopa a leá tríd an tumthéitheoir, teas lárnach, séidtóirse srl a lasadh
An méid atá le déanamh má tá píopa reoite agat
Is féidir le píopa pléasctha an-damáiste a dhéanamh do do theach agus tá sé tábhachtach, mar sin, gníomhú chomh luath agus gur féidir.
1. Cuir srian ar an méid damáiste
- Múch an soláthar uisce mar atá treoraithe thuas
- Triomaigh an córas tríd na sconnaí fuara ar fad a mhúchadh agus tríd na leithris a shruthlú
- Múch an teas lárnach agus an tumthéitheoir Má bhaineann tú úsáid as breoslaí soladacha, lig dóibh múchadh
- Nuair atá teas an uisce múchta go hiomlán, las na sconnaí te leis an gcóras a thriomú a thuilleadh
- Má tá uisce ó phíopa atá pléasctha ag sceitheadh gar d'aon soicéad, lasc nó fearas, múch an príomhlíonra leictreachais má tá sé sábháilte. Má tá an lasc fliuch, ná leag lámh air, agus cuir glaoch ar leictreoir cáilithe
- Má tá soláthar uisce agat atá roinnte, m.sh. má tá cónaí ort in ionad árasán, cinntigh go bhfuil fáil agat ar an mbuacaire. Aimsítear é seo de ghnáth san áit a dtagann an soláthar uisce isteach san fhoirgneamh
- Seiceáil leis na comharsana nach ndeachaigh sé i bhfeidhm ar a soláthar nuair a mhúch tú an t-uisce
2. Faigh deisithe é
- Is féidir deisiú sealadach a dhéanamh ar phíopa pléasctha trína fháisceadh láidir le héadach nó le téip.
- Cuir deisiú buan isteach ina áit seo chomh luath agus gur féidir, rud a dhéanfaidh pluiméir cáilithe agus cláraithe.
- Cinntigh go bhfuil do chóras uisce te líonta arís SULA lasann tú an tumthéitheoir nó an coire arís.
Cuir cosc le píopaí reoite agus pléasctha - tabhair cuairt ar leathanach Winter Proofing chun leideanna a fháil.
Déan teagmháil lenár bhFoireann Cúraim Custaiméirí
An bhfuil tú ag fágáil do réadmhaoine gan aon duine á faire?
Má tá do réadmhaoin á fágáil agat gan aon duine á faire ar feadh tréimhse níos faide ama, b’fhéidir nár mhiste duit an soláthar uisce chuig an réadmhaoin ón mbuacaire seachtrach a chasadh as. Ní mór duit a chinntiú go ndéantar gléasanna nó áiseanna ar bith atá spleách ar uisce a chasadh as freisin.
Má tá méadar agat a suiteáladh ag Uisce Éireann, cuireadh stopallán seaca isteach i mbosca teorann an mhéadair uisce chun cosc a chur le reo an mhéadair agus an bhuacaire.
Mura bhfuil méadar ar bith suiteáilte ag Uisce Éireann agus má tá imní ort go bhféadfadh an buacaire reo, oscail cuasán an bhuacaire agus bain aon uisce de. Líon an cuasán le hábhar neamhshúiteach chun insliú a chur ann. Ná úsáid ábhar súiteach mar reofaidh sé freisin nuair a bhíonn sé fliuch.