Uisce Éireann to tackle leaks and improve water supply in Gaoth Dobhair
Beidh tithe agus gnólachtaí i nGaoth Dobhair in ann leas a bhaint as infheistíocht shuntasach Uisce Éireann i líonra uisce na háite, agus é beartaithe acu nach mór 900 méadar de phríomhphíobáin uisce atá ag dul in aois a athsholáthar sa cheantar chun sceitheadh a laghdú, chun iontaofacht an tsoláthair uisce a fheabhsú agus chun an soláthar sin a neartú.
Athsholáthar a dhéanamh ar sheanphíosa damáistithe den Mhór-Phríomhphíobán uisce i gCroithlí, Gaoth Dobhair a bheidh i gceist leis an tionscadal.
Beidh na hoibreacha ar siúl feadh an L1593 ó Eaglais Mhín Uí Bhaoill go Cairéal Gillespie agus ní fada go gcuirfear tús leo.
Is chuid de Chlár Náisiúnta Laghdaithe Sceite Uisce Éireann é an tionscadal seo ina ndéanfar ceangail seirbhíse uisce nua a leagan ón bpríomhphíobán uisce poiblí go dtí teorainneacha ionaid réadmhaoine na gcustaiméirí, agus ansin iad a cheangal leis na soláthairtí uisce atá ann cheana féin.
Is é Farrans a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann agus meastar go mbeidh siad curtha i gcrích faoi mhí na Nollag 2026. Beidh gá le bearta bainistíochta tráchta, dúnadh bóthair san áireamh, le linn thréimhse na n-oibreacha. Déanfaidh foirne a ndícheall chun a laghad cur isteach agus is féidir a dhéanamh, agus ba mhaith le hUisce Éireann buíochas a ghabháil roimh ré le cónaitheoirí, gnólachtaí agus úsáideoirí bóthair as ucht a gcuid foighne agus comhoibrithe. Beidh rochtain áitiúil ann an t-am ar fad agus cuirfear bealaí atreoraithe in iúl go soiléir le comharthaí bóthair.
Dúirt Patricia Lowry, Bainisteoir Cláir de chuid Uisce Éireann: “Tá na hoibreacha seo ina gcuid thábhachtach d’iarrachtaí Uisce Éireann chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil do chustaiméirí i nGaoth Dobhair agus chun méid an uisce óil chóireáilte a chailltear trí sceití a laghdú ag an am céanna. Is trí phríomhphíobáin uisce agus ceangail seirbhíse atá ag dul in aois a bhaint amach agus bonneagar nua a chur ina n-áit a bheimid in ann líon na bpíobán pléasctha a laghdú, bristeacha seirbhíse a laghdú, feidhmíocht an líonra a fheabhsú agus soláthar uisce níos athléimní a chinntiú do thithe agus do ghnólachtaí an cheantair.”
Is sampla amháin é an tionscadal seo den obair a dhéanann Uisce Éireann gach lá chun sceitheadh a laghdú. Baineann castacht le sceití a dheisiú scaití. Cé go bhfuil breis is 65,000 km de phríomhphíobáin uisce leagtha faoin talamh ar fud na hÉireann, dóthain chun an domhan a thimpeallú uair go leith, ní minic a bhíonn sceití le feiceáil. Ach, tá dul chun cinn déanta againn - laghdú ar sceitheadh ar bhonn náisiúnta, ó 49% sa bhliain 2014 go dtí 36% sa lá atá inniu ann.
Is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh le hUisce Éireann ar 1800 278 278 má tá aon cheisteanna acu faoin tionscadal nó is féidir leo cuairt a thabhairt ar rannán na Nuashonruithe Soláthair Uisce ar shuíomh gréasáin Uisce Éireann, áit a gcuirtear an t-eolas is deireanaí ar fáil ar bhonn rialta.
Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí bhonneagar ríthábhachtach a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d’fhás agus d’fhorbairt inbhuanaithe, chun uisce óil sábháilte a chur ar fáil, agus chun an timpeallacht a fheabhsú.
Nuashonruithe Seirbhíse Uisce
Cláraigh le haghaidh ár tseirbhís téacs saor in aisce chun a bheith ar an eolas faoi bhristeacha uisce agus oibreacha i do cheantar.